1ú Bealtaine - Lá Bealtaine Baineann bláthanna le Lá na Bealtaine i gcónaí, mar bíonn flúirse bláthanna ag an am sin den bhliain. Chreid daoine áirithe gur chosaint ó shíoga iad bláthanna agus chuirfidís siad iad in aice a ndoirse nó a bhfuinneog. Nós an-choitianta a bhí ann ná ciseán a líonadh le bláthanna agus rudaí deasa eile agus é a thabhairt do dhuine éigin a raibh grá agat dó. I roinnt tíortha, lasfaí tine i sráidbhailte agus thógfadh gach duine cuid de chun tine a lasadh ina dteallach féin.
Is iomaí duine a cheiliúrann Lá na Bealtaine agus teacht an tsamhraidh fós. Ceiliúrtar é le féile na dtiúilipí san Ísiltír – úsáideann siad bláth darb ainm Lile na nGleanntán, agus cosúil leis sin tugann daoine táthanna bláthanna Lile na nGleanntán dá chéile sa Danmhairg. Sa Ghréig, dúntar na scoileanna Lá na Bealtaine agus téann páistí amuigh faoin tuath nó sna coillte chun bláthanna a bhailiú. Bíonn paráid i dtíortha eile. Bíonn lá saoire bainc againn in Éirinn freisin agus dar ndóigh, is féile cheilteach seanbhunaithe í Bealtaine ar nós Samhain agus Imbolg.
Crann Bealtaine Bhíodh nós traidisiúnta ag páistí in go leor tíortha a bheith ag damhsa sna coillte faoi sholas na gealaí. Bhaileoidís siad bláthanna chun corónacha nóiníní a dhéanamh. Ag éirí na gréine chruinneodh muintir an tsráidbhaile sa choill chun crann a roghnú, a dhéanaidís Crann Bealtaine as. Leagtaí é agus mháirseálaidís ar ais chun an tsráidbhaile leis. Roghnaítí Rí nó Banríon na Bealtaine agus chuirtí coróin na mbláthanna air/uirthi. Mhaisítí an Crann Bealtaine le péint, ribíní agus bláthanna agus dhamhsaigh na daoine timpeall air ag sníomh thar agus faoi na ribíní.
Wesak Tarlaíonn an fhéile Bhúdaíoch is tábhachtaí i mí na Bealtaine. Wesak (nó Vesak) an t-ainm atá uirthi. An gcuimhin libh ainm an duine is tábhachtaí sa Bhúdachas? (An Búda). Is féile an–neamhchoitianta í mar go gceiliúrann sé trí rud: breithlá an Bhúda, an lá a fuair Búda bás ach chomh maith leis sin an uair a d’éirigh Búda an-an-chríonna tar éis tamaill fhada ag suí agus ag machnamh.