Ce h-iad Cairde na Scoile? Is iad tuismitheoirí/cosantóirí de dhaltaí Gaelscoil Uí Drisceoil Cairde na Scoile, a thagann le chéile chun tacaíocht a thabhairt do phobal na scoile. Mar bhall de Cairde na Scoile, tá fáilte romhat cabhrú/glacadh páirt sna h-imeachtaí ar fad a eagraíonn Cairde ar mhaithe leis an scoil. Má thagann tú go dtí na crunnithe go rialta, nó má chabhraíonn tú ó am go h-am, ní neart go cur le chéile.
Aidhmeanna Cairde na Scoile Chun oibrú le Príomhoide na Scoile, na Múinteoirí agus an Bord Bainistíochta, ar mhaithe le daltaí na scoile. Chun comhsheilbh a cruthú a thugann cabhair agus tacaíocht do thuismitheoirí/chosantóirí na scoile agus chun córas cummarsáide a sholáthar idir iad agus pobal na scoile. Pé slí gur féidir leat a bheith páirteach, tá súil againn go bhfaigheann tú i gCairde, comhsheilbh a gcuireann fáilte mór romhat. Má tá aon ceist nó léirmheas agat, is féidir teagmháil a dhéanamh le baill den gcoiste.
Cairde na Scoile Tá gach tuismitheoir/cosantóir mar bhall de Cairde na Scoile. Tá Rúnaí na Scoile mar bhall de chomh maith. Toghfar coiste gach bliain ag an cruinniú bliaintiúl: Cathaoirleach (Leas-), Cisteoir (Leas-), agus Rúnaí (Leas-). Bunaítear fo-choistí i rith na bliana de réir mar is gá. Bíonn cruinniú ar súil sa seomra foirne ag 8 i.n. ar an gcéad Máirt de gach mhí, agus fáilte roimh cách.
Coiste Leabhar ar Cíos. Book Rental Committee having a well deserved Cupán Caifé 29/5/2015
Gan dearmad a dhéanamh ar an lá sport agus go h-áirithe an BBQ. Not forgetting the Sports Day BBQ, always a great event.
Seachain na púcaí i rith An Samhain. Spooking it up at Halloween.
Ho Ho Ho ! Getting into the festive spirit.
6/5/2017 Ag ullumhú do Chóisir an Chéad Comaoinigh.