Spórt
Foghlaimíonn na páistí scileanna spóirt mar chuid de churaclam an choirp oideachas. Peil, Sacar, Iomáint, Uni-Hoc, Rugbaí, Cispheil Déantar iarracht réimse leathan spóirt a cur ar fáil dos na páistí le linn agus i ndiaidh am scoile, Peil Ghaelach, Iománaíocht, Cispheil, Tag Rugbaí agus Luthchleasaíocht. Freastalaíonn Múinteoirí Leonard, Malachaí agus Tomás ar an rugbaí, iománaíocht agus ar an bpeil, agus tá cispheil agus lúthchleasaíocht faoi stiúir Mhúinteoir Aoife. Cuirtear an Tag-Rugbaí, Cispheil agus Iomanaíocht ar fáil sa chéad téarma agus na spóirt eile tar éis na Nollag. De bharr fás is forbairt na scoile tá sé mar aidhm ag an scoil foirne scoile spóirt a chruthú an bhliain seo chugainn agus deis a thabhairt dos na páistí freastal ar chomórtais agus cluichí idir-scoile ar nós Cumann na mBunscol/Sciath na Scol srl. Snámh Téann na leanaí ó Rang 2 - 6 go ranganna snámha de ghnáth sa chéad téarma. Cabhraíonn Nora Irwin, tuismitheoir go mór leis na múinteoirí ó thaobh eagrú a dhéanamh ar an dtraenáil snámha. Lúthchleasaíocht Ullmhaítear na páistí chun páirt a ghlacadh i Lá Spóirt na Chathrach i bPáirc Uí Chaíomh. Bíonn rásanna reatha aonair i gceist chomh maith leis an athrás. D’éirigh go hiontach leis an bhfoireann i mbliana. |
2014
|