Nuacht is déanaíLeabhair Liostaí 2019/2020Clasaic Gailf - 31 Bealtaine 2019Beidh an Clasaic Gailf ar siúl ar an Aoine, 31ú Bealtaine 2019. Tá an-obair ar fad déanta ag Cairde na Scoile chun an lá a eagrú! Tá fáilte roimh cách.
Bígí linn ar an lá! Lá na hEorpaTháinig an MEP Deirdre Clune chun na scoile inniu chun Lá na hEorpa a chéiliúradh. Rinne na páistí obair den scoth agus d’fhéach sí ar na tionscnaimh go léir a bhí déanta ag gach rang. Bhí na leanaí gléasta in éadaí gorma chun lá gorm a cheilliúradh. Bhí sí ag caint leis na leanaí faoin bpost tábhachtach atá aici agus an ról atá aici san Aontas Eorpach. Bhain gach duine taitneamh as an lá!
Féile Dramaíochta na hÉireannBhuaigh leanaí Naíonáin Mhóra agus leanaí Rang a Sé dhá chorn ag Comórtas Féile Dramaíochta na hÉireann. Bhuaigh leanaí Naoínán Mhóra a roinn agus bhuaigh an scoil an gradam ‘Bunscoil is Fearr in Éirinn’. Bhronn an t-Aire Seán Ó Caidhn na gradaim ar na páistí.
Sciath na ScolTá an Foireann Iománaíochta tar éis cluiche ceannais Sciath na Scol a shroicint don chéad uair riamh. Beidh an chluiche ar siúl ar an 21ú Bealtaine i bPáirc Uí Rinn. Comhghairdeas leis na buachaillí!!
Taispeántas Ealaíne 2019
Bhí Taispeántas Ealaíne sa scoil an tseachtain seo chaite. Rinne gach rang staidéar ar Ealaíontóir amháin ón Eorap. Bhí na ranganna ag foghlaim faoi na hEalaíontóirí agus rinne siad pictiúirí bunaithe ar an Ealaíontóir sin. Is ealaíontóirí iontacha iad leanaí na scoile seo agus bhain siad ana-thaitneamh as an bpróiséas go léir. Táimid ana-bhródúil as an Ealaíon a rinne siad!
Comórtas Fichille Cúige MumhanComhghairdeas lenár imreoirí fichille a ghlac páirt i gComórtas na Mumhan in Inis, Co. an Chláir. D'éirigh leis an gcéad fhoireann an comórtas a bhuachaint agus tháinig an dara fhoireann sa tríú áit. Táimid fíor-bhródúil asaibh.
Seachtain SpáisAg céiliúradh 25 bhliain den Fhoras PátrúnachtaThug 300 dalta ón scoil cuairt ar Tayto Park le déanaí. Ócáid stairiúil a bhí ann ag céiliúradh fás agus forbairt an Foras Patrúnachta. Bhí lá den scoth againn!
Dátaí Athoscailte don scoilbhliain 2018-2019
|
|